|
+Airteagal 18 1. |
Airteagal 18 1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a chinntiú go bhféadfar athbhreithniú éifeachtach a dhéanamh ar aon chinneadh a ghlacfar faoi Airteagail 16 agus Airteagal 17 agus, go háirithe, go ndéanfar chomh luath agus is féidir é, ar na forais go bhfuil dlí an Chomhphobail nó rialacha náisiúnta lena gcuirtear dlí an Chomhphobail chun feidhme á sárú ag cinntí den sórt sin. Féadfaidh an Coimisiún, go háirithe arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin, a iarraidh ar Bhallstáit na nithe seo a leanas a chur chuige, laistigh de dhá mhí:
(a)
doiciméad ina dtugtar údar maith leis an ngá atá ann leis an oibleagáid seirbhíse poiblí agus léiriú ar an gcaoi a gcomhlíonann an tseirbhís sin na critéir a luaitear in Airteagal 16;
(b)
anailís ar gheilleagar an réigiúin;
(c)
anailís ar an gcomhréireacht idir na hoibleagáidí beartaithe agus na cuspóirí forbartha eacnamaíche;
(d)
anailís ar na haersheirbhísí atá ann cheana féin, más ann, agus ar na modhanna iompair eile ar ann dóibh a d’fhéadfaí a mheas mar mhalairt ar an bhforchur a bheartaítear. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|