Airteagal 5
Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhaontú a dhéanamh leis na hinstitiúidí nó leis na comhlachtaí ar cuid den Ghréasán iad agus dá dtagraítear in Airteagal 4, ar comhaontú é ar na socruithe is gá, go háirithe conarthaí, chun na cúraimí a leagfaidh sí faoina gcúram a chomhall.
Féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh, maidir leis na hinstitiúidí nó leis na heagraíochtaí náisiúnta atá ar a chríoch, go ndéanfar na socruithe sin leis an nGníomhaireacht a chomhaontú leis an bpointe fócasach náisiúnta.