|
+Airteagal 4 2. |
Airteagal 4 2.Áiritheoidh monaróirí go gcomhlíonfar na nósanna imeachta a bhaineann le cineál-cheadú chun comhréireacht táirgeachta, marthanacht feistí rialaithe truaillithe agus comhréireacht inseirbhíse a fhíorú. Beidh na bearta teicniúla a ghlacfaidh an monaróir de chineál trína n-áiritheofar go dteorannaítear astaíochtaí ón sceithphíopa go héifeachtach, de bhun an Rialacháin seo agus de bhun bearta cur chun feidhme an Rialacháin seo, ar feadh ghnáth-shaolré na bhfeithiclí faoi ghnáthdhálaí úsáide. Chun na críche sin, is iad seo a leanas an míleáiste agus an tréimhse ama ar faoina dtreoir a sheolfar na tástálacha maidir le marthanacht feistí rialaithe truaillithe a dhéantar chun comhréireacht feithiclí nó innill atá in úsáid a chineál-cheadú agus a thástáil:
(a)
160 000 km nó cúig bliana, cibé acu is túisce, i gcás inneall atá feistithe i bhfeithiclí chatagóir M1, chatagóir N1 agus chatagóir M2;
(b)
300 000 km nó sé bliana, cibé acu is túisce, i gcás inneall atá feistithe i bhfeithiclí chatagóir N2, chatagóir N3 ag a bhfuil mais uasta incheadaithe, go teicniúil, nach mó ná 16 thona, agus chatagóir M3 Aicme I, Aicme II agus Aicme A, agus Aicme B, ag a bhfuil mais uasta incheadaithe, go teicniúil, nach mó ná 7,5 tona;
(c)
700 000 km nó seacht mbliana, cibé is túisce, i gcás inneall atá feistithe i bhfeithiclí catagóir N3, ag a bhfuil mais uasta incheadaithe, go teicniúil, is mó ná 16 thona agus chatagóir M3, Aicme III agus Aicme B ag a bhfuil mais uasta incheadaithe, go teicniúil, is mó ná 7,5 tona. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|