Airteagal 21a
Cistí nach féidir gealltanas a dhéanamh ina leith faoi Chaibidil II
1. Déanfar an cistiúchán nach féidir, de réir Airteagal 3(2), a bheith faoi réir gealltanas dlíthiúil aonair faoi Chaibidil II, ar cistiúchán é le haghaidh shuim EUR 146 344 644,50 a chur ar fáil don tsaoráid dá dtagraítear sa cheathrú mír d’Airteagal 1, chun ionstraimí oiriúnacha cistiúcháin a fhorbairt i gcomhar le hinstitiúidí airgeadais, ionas go ndéanfar mórspreagadh a thabhairt do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus do thionscadail chun foinsí fuinnimh in-athnuaite a shaothrú.
2. Cuirfear an tsaoráid chun feidhme de réir Iarscríbhinn II. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 23(1) maidir leis an tsaoráid.
3. Beidh an méid a bheidh an tAontas faoi lé na saoráide, lena n-áirítear táillí bainistíochta agus costais cháilithe eile, teoranta do mhéid ranníocaíocht an Aontais leis an tsaoráid sin, a shonraítear i mír 1, agus ní bheidh aon dliteanas eile ar bhuiséad ginearálta an Aontais.
▼B