|
+Airteagal 7 1. |
Airteagal 7 1.Déanfaidh Comhlachtaí Inniúla, arna iarraidh sin ag eagraíocht bheag, an mhinicíocht thríbliantúil dá dtagraítear in Airteagal 6(1) a fhadú go ceithre bliana i gcomhair na heagraíochta sin nó an mhinicíocht bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a fhadú go dhá bhliain i gcomhair na heagraíochta sin, ar choinníoll go ndaingneoidh an fíoraitheoir comhshaoil a d’fhíoraigh an eagraíocht go bhfuil na coinníollacha seo a leanas go léir á gcomhlíonadh:
(a)
nach bhfuil aon rioscaí suntasacha ann don chomhshaol;
(b)
nach bhfuil aon athruithe substaintiúla, mar a shainítear in Airteagal 8, beartaithe ag an eagraíocht, agus
(c)
nach bhfuil aon fhadhbanna suntasacha ann don chomhshaol áitiúil ar fadhbanna iad a gcuireann an eagraíocht leo. D’fhonn an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur isteach, féadfaidh an eagraíocht na foirmeacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI a úsáid. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|