|
+Airteagal 18 7. |
Airteagal 18 7.Chun críocha an fhíoraithe maidir leis an gclárú a athnuachan dá dtagraítear in Airteagal 6(2), seiceálfaidh an fíoraitheoir comhshaoil go bhfuil na ceanglais seo a leanas, ar a laghad, comhlíonta ag an eagraíocht:
(a)
go bhfuil an eagraíocht tar éis iniúchadh inmheánach a dhéanamh ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil agus ar chomhlíonadh na gceanglas dlí is infheidhme maidir leis an gcomhshaol i gcomhréir le hIarscríbhinn III;
(b)
go léiríonn an eagraíocht comhlíonadh leanúnach na gceanglas dlí is infheidhme maidir leis an gcomhshaol agus feabhas leanúnach ar a feidhmíocht chomhshaoil; agus
(c)
go bhfuil ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol ullmhaithe ag an eagraíocht i gcomhréir le hIarscríbhinn IV agus go ndearnadh doiciméid tagartha earnála a chur san áireamh, i gcás ina raibh siad ar fáil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|