|
+Airteagal 25 6. |
Airteagal 25 6.Ullmhóidh an fíoraitheoir comhshaoil tuarascáil i scríbhinn don eagraíocht, ar tuarascáil í a bhainfidh le torthaí an fhíorúcháin agus ina sonrófar:
(a)
na saincheisteanna go léir a bhaineann leis an ngníomhaíocht arna cur i gcrích ag an bhfíoraitheoir comhshaoil;
(b)
tuairisc maidir le comhlíonadh cheanglais uile an Rialacháin seo, lena n-áirítear fianaise thacaíochta, tátail agus conclúidí;
(c)
comparáid idir an méid atá bainte amach agus na spriocanna ar an taobh amháin agus na ráitis ar an gcomhshaol a bhí ann roimhe seo agus an measúnú ar fheidhmíocht chomhshaoil agus an measúnú ar an bhfeabhsú leanúnach feidhmíochta comhshaoil ag an eagraíocht ar an taobh eile;
(d)
más infheidhme, fabhtanna teicniúla san athbhreithniú comhshaoil, sa mhodh iniúchóireachta, sa chóras bainistíochta comhshaoil, nó in aon phróiseas ábhartha eile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|