+Airteagal 20 Faisnéis faoi dhaoine agus faoi earraí contúirteacha ar bord
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.

Airteagal 20 Faisnéis faoi dhaoine agus faoi earraí contúirteacha ar bord

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 20 1.

Déanfaidh aerlínte de chuid an Aontais a oibríonn eitiltí a thagann go dtí aerfort atá suite i gcríocha na mBallstát a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo, nó a imíonn ó aerfort den sórt sin, agus aerlínte de chuid tríú tíortha a oibríonn eitiltí a imíonn ó aerfort den sórt sin, nósanna imeachta a chur chun feidhme trína bhféadfar na nithe a leanas a thabhairt ar aird:

(a) 

a luaithe is féidir, agus laistigh de dhá uair an chloig ar a dhéanaí ón tráth a bhfógraítear gur tharla tionóisc don aerárthach, liosta bailíochtaithe de na daoine go léir ar bord agus é bunaithe ar an bhfaisnéis is fearr atá ar fáil; agus

(b) 

go díreach tar éis fógra a thabhairt á rá gur tharla tionóisc don aerárthach, liosta de na hearraí contúirteacha ar bord.

Airteagal 20 2.
Déanfar na liostaí dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil don údarás um imscrúdú sábháilteachta atá i gceannas, don údarás a ainmneoidh gach Ballstát chun idirchaidreamh a dhéanamh le gaolta na ndaoine ar bord agus, i gcás inar gá sin, do na haonaid leighis a bhféadfaidh gá a bheith acu leis an bhfaisnéis chun cóireáil a thabhairt d’íospartaigh.
Airteagal 20 3.
Chun ligean do ghaolta na bpaisinéirí faisnéis a fháil go tapa maidir lena ngaolta a bheith ar bord aerárthaigh ar bhain tionóisc dó, tabharfaidh aerlínte an deis do thaistealaithe ainm agus mionsonraí teagmhála an duine a ndéanfar teagmháil leis i gcás tionóisce a thabhairt don aerlíne. Ní fhéadfaidh na haerlínte an fhaisnéis sin a úsáid ach amháin i gcás tionóisce agus ní thabharfar an fhaisnéis sin do thríú páirtithe nó ní úsáidfear í chun críoch tráchtála.
Airteagal 20 4.
Ní dhéanfar ainm duine ar bord a chur ar fáil go poiblí go dtí go gcuirfidh na húdaráis ábhartha gaolta an duine sin ar an eolas. Déanfar an liosta dá dtagraítear i mír 1(a) a choinneáil faoi rún i gcomhréir le gníomhartha dlíthiúla an Aontais agus leis an dlí náisiúnta agus, faoina réir sin, ní phoibleofar ainm gach duine ar an liosta sin ach amháin i gcás nach ndearna gaolta na ndaoine ar bord agóid ina choinne sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 19.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R0996
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.