|
+Airteagal 5 2. |
Airteagal 5 2.Baileoidh na Ballstáit na sonraí is gá trí theaglam de chuid na bhfoinsí éagsúla a shonraítear thíos a úsáid, agus cuirfear prionsabal an tsimplithe riaracháin i bhfeidhm:
(a)
suirbhéanna;
(b)
nósanna imeachta um meastachán staidrimh i gcásanna nár breathnaíodh cuid de na saintréithe le haghaidh na n-aonad ar fad;
(c)
foinsí riaracháin;
(d)
aon fhoinsí ábhartha, modhanna ábhartha nó cineálacha nuálacha cur chuige ábhartha eile a mhéid a cheadaítear leo cuntais eacnamaíocha chomhshaoil a tháirgeadh atá inchomparáide agus atá i gcomhréir leis na saincheanglais cháilíochta is infheidhme. Na Ballstáit a chinneann úsáid a bhaint as na foinsí, na modhanna nó na cuir chuige nuálacha dá dtagraítear i bpointe (d), cuirfidh siad an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas a luaithe is féidir roimh dheireadh na bliana roimh chur chun feidhme an mhodha agus cuirfidh siad mionsonraí ar fáil a bhaineann le cáilíocht na sonraí a fhaightear. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|