+Airteagal 8a Maoiniú
---+Airteagal 8a 1.
---+Airteagal 8a 2.
---+Airteagal 8a 3.

Airteagal 8a Maoiniú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 8a 1.

Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, déanfaidh an tAontas tacaíocht airgeadais a sholáthar ó Chlár an Mhargaidh Aonair arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) do na hinstitiúidí náisiúnta staidrimh agus údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, le haghaidh an méid seo a leanas:

(a) 

modheolaíochtaí a fhorbairt do staidreamh faoin Rialachán seo, lena n-áirítear rannpháirtíocht na mBallstát sna staidéir phíolótacha agus staidéir indéantachta dá dtagraítear in Airteagal 4;

(b) 

cáilíocht staidrimh na gcuntas a fheabhsú, go háirithe chun próisis a fhorbairt nó a fheabhsú, lena n-áirítear réitigh atá bunaithe ar an digitiú a bhfuil sé d’aidhm leo staidreamh ar cháilíocht níos airde a tháirgeadh;

(c) 

tráthúlacht na gcuntas a fheabhsú agus an t-ualach riaracháin agus tuairiscithe a laghdú.

Airteagal 8a 2.
Bunófar méid na ranníocaíochta airgeadais ón Aontas faoin Airteagal seo i gcomhréir le rialacha Chlár an Mhargaidh Aonair mar chuid den nós imeachta buiséadach bliantúil, faoi réir infhaighteacht an chistithe. Cinnfidh an t-údarás buiséadach an leithreasú a bheidh ar fáil gach bliain.
Airteagal 8a 3.
Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, féadfar ranníocaíocht airgeadais a chur ar fáil freisin do na hinstitiúidí náisiúnta staidrimh agus údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó chláir airgeadais infheidhme eile de chuid an Aontais i gcomhréir le rialacha clár den sórt sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32011R0691
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.