+Airteagal 10 3.
|
Airteagal 10 3.
Maidir le taisclanna trádála atá cláraithe nó aitheanta faoi reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le hidirbhearta díorthacha, contrapháirtithe lárnacha agus taisclanna trádála, déanfaidh siad faisnéis ábhartha a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh agus le díorthaigh lamháltas astaíochtaí arna mbailiú acu a chur ar fáil don Ghníomhaireacht. Déanfaidh ÚEUM tuarascálacha maidir le hidirbhearta i dtáirgí mórdhíola fuinnimh a fhaightear faoi Airteagal 25(3) de Threoir 2004/39/CE, agus faoi reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le hidirbhearta díorthacha, contrapháirtithe lárnacha agus taisclanna trádála, a tharchur chuig an nGníomhaireacht. Déanfaidh údaráis inniúla a fhaigheann tuarascálacha maidir le hidirbhearta i dtáirgí mórdhíola fuinnimh, ar tuarascálacha iad a fhaightear faoi Airteagal 25(3) de Threoir 2004/39/CE, na tuarascálacha sin a tharchur chuig an nGníomhaireacht. Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar thrádáil i lámhaltais astaíochtaí nó i ndíorthaigh a bhaineann le lámhaltais astaíochtaí lena chéile agus bunóidh siad sásraí iomchuí chun rochtain a thabhairt don Ghníomhaireacht ar thaifid ar na hidirbhearta i lámhaltais agus i ndíorthaigh den sórt sin i gcás ina mbailíonn na húdaráis sin faisnéis ar idirbhearta den sórt sin.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32011R1227
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|