|
+Airteagal 1 1. |
Airteagal 1 1.Is iad seo a leanas cuspóirí an Rialacháin seo:
(a)
Coinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta i dTaobh Toiliú Feasach a chur in iúl Roimh Ré le haghaidh Ceimiceán Guaiseach agus Lotnaidicídí áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta (an “Coinbhinsiún”) a chur chun feidhme;
(b)
comhfhreagracht agus iarrachtaí comhoibritheacha a chur chun cinn maidir le gluaiseacht ceimiceán guaiseach d’fhonn sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar aon díobháil a d’fhéadfadh tarlú;
(c)
rannchuidiú le slánúsáid ceimiceán guaiseach ó thaobh an chomhshaoil de. Bainfear amach na cuspóirí a leagtar amach sa chéad fhomhír trí mhalartú faisnéise maidir le saintréithe ceimiceán guaiseach a éascú, trí fhoráil do phróiseas cinnteoireachta laistigh den Aontas maidir lena n-allmhairiú agus lena n-onnmhairiú agus trí chinntí a scaipeadh ar Pháirtithe agus ar thíortha eile de réir mar is iomchuí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|