|
+Airteagal 14 Anailís ar tharluithe agus bearta leantacha ar leibhéal an Aontais ---+Article 14 1. ---+Article 14 2. ---+Article 14 3. ---+Article 14 4. |
Airteagal 14 Anailís ar tharluithe agus bearta leantacha ar leibhéal an AontaisAirteagal 14 Anailís ar tharluithe agus bearta leantacha ar leibhéal an Aontais 1. Glacfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla na mBallstát, i gcomhar lena chéile, páirt go tráthrialta i malartú agus in anailísiú na faisnéise atá sa Stór Lárnach Eorpach. Gan dochar do na ceanglais rúndachta a leagtar síos sa Rialachán seo, féadfar a iarraidh ar bhreathnóirí páirt a ghlacadh ar bhonn gach cáis ar leith, i gcás inarb iomchuí. 2. Comhoibreoidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla na mBallstát le chéile trí líonra anailísithe sábháilteachta eitlíochta. Cuirfidh líonra na n-anailísithe sábháilteachta eitlíochta le feabhsú ar shábháilteacht eitlíochta san Aontas, go háirithe trí anailís sábháilteachta a dhéanamh chun tacú leis an gClár Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus leis an bPlean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta. 3. Tacóidh an Ghníomhaireacht le gníomhaíochtaí líonra na n-anailísithe sábháilteachta eitlíochta trí, mar shampla, chúnamh a thabhairt chun cruinnithe an líonra a ullmhú agus a eagrú. 4. Áireoidh an Ghníomhaireacht faisnéis faoi thoradh na hanailíse faisnéise dá dtagraítear i mír 1 san athbhreithniú bliantúil sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 15(4) de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|