|
+Airteagal 15 Rúndacht agus úsáid iomchuí na faisnéise ---+Article 15 1. ---+Article 15 2. ---+Article 15 3. ---+Article 15 4. |
Airteagal 15 Rúndacht agus úsáid iomchuí na faisnéiseAirteagal 15 Rúndacht agus úsáid iomchuí na faisnéise 1. Glacfaidh na Ballstáit agus eagraíochtaí, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, agus an Ghníomhaireacht na bearta is gá chun rúndacht iomchuí na sonraí maidir le tarluithe a gheobhaidh siad de bhun Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 10 a áirithiú. Ní phróiseálfaidh gach Ballstát, gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát, nó an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta ach a mhéid is gá chun críche an Rialacháin seo agus gan dochar do ghníomhartha dlíthiúla náisiúnta lena gcuirtear Treoir 95/46/CE chun feidhme. 2. Gan dochar do na forálacha a bhaineann le faisnéis sábháilteachta a chosaint in Airteagal 12, Airteagal 14 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, ní úsáidfear an fhaisnéis a thagann ó thuarascálacha ar tharluithe ach amháin chun na críche ar bailíodh í ina leith. Ní dhéanfaidh na Ballstáit, an Ghníomhaireacht agus eagraíochtaí an fhaisnéis maidir le tarluithe a chur ar fáil nó a úsáid: (a) d'fhonn milleán nó dliteanas a shannadh; nó (b) chun críche ar bith seachas an tsábháilteacht eitlíochta a choinneáil nó a fheabhsú. 3. Agus iad ag comhlíonadh a gcuid oibleagáidí faoi Airteagal 14 maidir leis an bhfaisnéis atá sa Stór Lárnach Eorpach, déanfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla na mBallstát an méid seo a leanas: (a) rúndacht na faisnéise a áirithiú; agus (b) úsáid na faisnéise a theorannú ionas nach n-úsáidfear í ach amháin le haghaidh nithe atá fíor-riachtanach d'fhonn a gcuid oibleagáidí a bhaineann le sábháilteacht a chomhlíonadh gan milleán nó dliteanas a shannadh; i ndáil leis sin, úsáidfear an fhaisnéis go háirithe don bhainistíocht riosca agus chun anailís a dhéanamh ar threochtaí sábháilteachta a bhféadfadh moltaí nó bearta sábháilteachta teacht as, lena dtabharfaí aghaidh ar easnaimh sábháilteachta iarbhír nó ar easnaimh sábháilteachta a d'fhéadfadh a bheith ann. 4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh a n-údaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(3) agus a n-údaráis inniúla um riaradh ceartais le chéile trí réamhshocruithe riaracháin. Féachfaidh na réamhshocruithe riaracháin sin leis an gcothromaíocht cheart a áirithiú idir an gá atá le riaradh cuí ceartais, ar thaobh amháin, agus an gá atá le faisnéis sábháilteachta a bheith ar fáil go leanúnach, ar an taobh eile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|