|
+IARSCRÍBHINN III IARRAIDH AR FHAISNÉIS ÓN STÓR LÁRNACH EORPACH |
IARSCRÍBHINN III IARRAIDH AR FHAISNÉIS ÓN STÓR LÁRNACH EORPACHIARSCRÍBHINN III IARRAIDH AR FHAISNÉIS ÓN STÓR LÁRNACH EORPACH 1. Ainm: Feidhm/post: Cuideachta: Seoladh: Teileafón: Seoladh ríomhphoist: Dáta: Cineál an ghnó: An catagóir iarrthóra (féach Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith ( 3 )): 2. An fhaisnéis atá á hiarraidh (más é do thoil é, bí chomh sonrach agus is féidir agus cuir isteach an dáta/tréimhse ábhartha atá uait): 3. Fáth na hiarrata: 4. Mínigh an chríoch dá n-úsáidfear an fhaisnéis: 5. An dáta faoinar bhfuil an fhaisnéis ag teastáil: 6. Ba cheart an fhoirm, agus í comhlíonta, a sheoladh, trí ríomhphost, chuig: (pointe teagmhála) 7. Rochtain ar fhaisnéis Ní cheanglaítear ar an bpointe teagmhála aon fhaisnéis a iarrtar a chur ar fáil. Ní fhéadfaidh an pointe teagmhála sin a dhéanamh ach amháin má tá sé deimhneach go bhfuil an iarraidh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 376/2014. Geallann an t-iarrthóir nach n-úsáidfidh seisean ná a eagraíocht an fhaisnéis ach chun na críche a ndearna sé tuairisc air faoi phointe 4. Meabhraítear freisin nach gcuirfear an fhaisnéis a sholáthraítear ar bhonn na hiarrata seo ar fáil ach chun críocha sábháilteachta eitilte dá bhforáiltear in Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus ní chun críocha eile amhail, go háirithe, milleán nó dliteanas a shannadh nó chun críocha tráchtála. Níl cead ag an iarrthóir an fhaisnéis a sholáthraítear a nochtadh d'aon duine gan toiliú scríofa an phointe teagmhála. Mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo, féadfar rochtain ar fhaisnéis bhreise ón Stór Lárnach Eorpacha a dhiúltú agus, más infheidhme, pionóis a ghearradh. 8. Dáta, áit agus síniú: ( 1 ) Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1). ( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3). ( 3 ) IO L 122, 24.4.2014, lch. 18. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|