|
+Airteagal 4 Oibleagáidí ginearálta na mBallstát ---+Article 4 1. ---+Article 4 2. ---+Article 4 3. ---+Article 4 4. |
Airteagal 4 Oibleagáidí ginearálta na mBallstátAirteagal 4 Oibleagáidí ginearálta na mBallstát 1. Faoi réir na dátaí maidir le céimeanna cur i bhfeidhm a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo agus gan dochar d'Airteagal 23 de Threoir 2007/46/CE, diúltóidh na Ballstáit, ar fhorais a bhaineann leis an leibhéal fuaime incheadaithe, cineálcheadú AE a dheonú i ndáil le cineál mótarfheithicle nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo. 2. Ón 1 Iúil 2016 diúltóidh na Ballstáit, ar fhorais a bhaineann leis an leibhéal fuaime incheadaithe, cineálcheadú AE a dheonú i ndáil le cineál córais tosta athsholáthair nó comhpháirteanna de, mar aonad teicniúil leithleach nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo. Leanfaidh na Ballstáit de chineálcheaduithe AE a dheonú faoi théarmaí Threoir 70/157/CEE i ndáil le córas tosta athsholáthair nó comhpháirteanna de, mar aonad teicniúil leithleach atá ceaptha d'fheithiclí a bhí cineálcheadaithe roimh na dátaí maidir le céimeanna cur i bhfeidhm a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. 3. Faoi réir na dátaí maidir le céimeanna cur i bhfeidhm a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, measfaidh na Ballstáit, ar fhorais a bhaineann leis an leibhéal fuaime incheadaithe, nach bhfuil deimhnithe comhréireachta i gcás feithiclí nua bailí a thuilleadh chun críocha Airteagal 26 de Threoir 2007/46/CE, agus coiscfidh siad na feithiclí sin a chlárú, a dhíol agus a chur i seirbhís i gcás nach gcomhlíonann na feithiclí sin an Rialachán seo. 4. Ceadóidh na Ballstáit, ar fhorais a bhaineann leis an leibhéal fuaime incheadaithe, córas tosta athsholáthair nó comhpháirteanna de a dhíol agus a chur i seirbhís mar aonad teicniúil leithleach, má tá sé de réir cineáil ar deonaíodh cineálcheadú AE ina leith i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ceadóidh na Ballstáit córais tosta athsholáthair nó comhpháirteanna de, a bhfuil cineálcheadú AE acu mar aonad teicniúil leithleach faoi théarmaí Threoir 70/157/CEE atá ceaptha d'fheithiclí a bhfuil cineálcheadú acu, a dhíol agus a chur i seirbhís roimh na Faoi na dátaí maidir le céimeanna cur i bhfeidhm a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|