|
+Airteagal 6 Forálacha breise maidir le hastaíocht fuaime (ASEP) ---+Article 6 1. ---+Article 6 2. ---+Article 6 3. ---+Article 6 4. ---+Article 6 5. ---+Article 6 6. ---+Article 6 7. |
Airteagal 6 Forálacha breise maidir le hastaíocht fuaime (ASEP)Airteagal 6 Forálacha breise maidir le hastaíocht fuaime (ASEP) 1. Beidh an tAirteagal seo infheidhme i leith feithiclí sna catagóirí M1 agus N1 atá feistithe le hinneall dócháin inmheánaigh a bhfuil buntrealamh córas tosta de chuid an mhonaróra (OEM) iontu chomh maith le córais tosta athsholáthair atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin.i gcomhréir le hIarscríbhinn X. 2. Comhlíonfaidh na feithiclí agus na córais thosta athsholáthair ceanglais Iarscríbhinn VII. 3. Measfar go gcomhlíonann feithiclí agus córais tosta athsholáthair na ceanglais in Iarscríbhinn VII, gan a thuilleadh tástála, má sholáthraíonn an monaróir doiciméid theicniúla do na húdaráis cheadaithe a léiríonn i ndáil leis an difríocht idir luas innill uasta agus íosta na bhfeithiclí ag BB' dá dtagraítear i bhFigiúr 1 don Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II, i gcás aon dálaí tástála laistigh de raon rialaithe ASEP atá sainithe i bpointe 2.3 d'Iarscríbhinn VII, maidir leis na dálaí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II, nach sáróidh an difríocht sin 0,15 x S. 4. Astaíochtaí fuaime na feithicle nó an chórais tosta athsholáthair i ndálaí tipiciúla tiomána ar bhóthar, ar dálaí iad atá éagsúil ó na dálaí faoina ndearnadh an tástáil chineálcheadaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn VII, ní imeoidh na hastaíochtaí fuaime sin ró-mhór ó thoradh na tástála. 5. Ní dhéanfaidh an monaróir aon fheiste ná nós imeachta de chineál meicniúil, leictreach, teirmeach nó eile a athrú, a choigeartú ná a thabhairt isteach d'aon ghnó chun na críche ceanglais an Rialacháin seo maidir le hastaíocht torainn a chomhlíonadh, agus chuige sin amháin, ar feiste nó nós imeachta é nach bhfuil oibríochtúil i rith dálaí tiomána thipiciúil ar bhóthar. 6. San iarratas ar chineálcheadú, soláthróidh an monaróir ráiteas, arna bhunú i gcomhréir leis an múnla atá leagtha amach i bhFoscríbhinn1 d'Iarscríbhinn VII, go gcomhlíonann an cineál feithicle nó an córas tosta athsholáthair atá le ceadú ceanglais an Airteagail seo. 7. Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 6 maidir le feithiclí de chatagóir N1 i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo leanas:
(a)
toilleadh an innill nach sáraíonn 660 cm3 agus cóimheas cumhacht le mais arna ríomh trí úsáid a bhaint as an uasmhais ualaithe incheadaithe go teicniúil nach sáraíonn 35;
(b)
tá an pálasta 850 kg ar a laghad agus cóimheas cumhacht le mais arna ríomh trí úsáid a bhaint as an uasmhais ualaithe incheadaithe go teicniúil nach sáraíonn 40. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|