1. Leagtar síos leis an Rialachán seo, i gcás ina sainaithnítear go bhfuil fadhb thorainn ann, na rialacha atá le leanúint maidir le srianta oibriúcháin a bhaineann le torann a thabhairt isteach ar shlí chomhsheasmhach ar bhonn gach aerfoirt ar leith le go bhfeabhsófar an timpeallacht torainn agus le go dteorannófar nó go laghdófar líon na ndaoine a ndéantar difear suntasach dóibh mar gheall ar an torann ó aerárthaí, lena bhféadfar dochar a dhéanamh dóibh, i gcomhréir leis an gCur Chuige Cothrom.