2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 11 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 13 Meitheamh 2016. Déanfaidh an Coimisiún tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana sin, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.