+Airteagal 11a Na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta a thuairisciú agus a thíolacadh
---+Airteagal 11a 1.
---+Airteagal 11a 2.
---+Airteagal 11a 3.
---+Airteagal 11a 4.

Airteagal 11a Na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta a thuairisciú agus a thíolacadh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 11a 1.
Cinnfidh cuideachtaí sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta le linn tréimhse tuairiscithe, bunaithe ar shonraí na tuarascála astaíochtaí agus na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 11(2) le haghaidh gach loinge a bhí faoina bhfreagracht le linn na tréimhse tuairiscithe, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo.
Airteagal 11a 2.
Ó 2025 ar aghaidh, cuirfidh cuideachtaí faoi bhráid an údaráis riaracháin fhreagraigh faoin 31 Márta gach bliain na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta lena gcumhdaítear na hastaíochtaí sa tréimhse tuairiscithe den bhliain roimhe sin atá le tuairisciú faoi Threoir 2003/87/CE i ndáil le gníomhaíochtaí muiriompair, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo, agus atá fíoraithe i gcomhréir le Caibidil III den Rialachán seo.
Airteagal 11a 3.
Féadfaidh an t-údarás riaracháin freagrach a cheangal ar chuideachtaí na sonraí comhiomlánaithe fíoraithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta dá dtagraítear i mír 2 a thíolacadh faoi dháta níos luaithe ná an 31 Márta, ach tráth nach luaithe ná an 28 Feabhra.
Airteagal 11a 4.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh leis na rialacha maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta agus maidir leis na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta a chur faoi bhráid an údaráis riaracháin fhreagraigh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0757
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.