+Airteagal 2 Raon feidhme
---+Airteagal 2 1.
---+Airteagal 2 2.
|
Airteagal 2 Raon feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 1.
|
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le feithiclí de chatagóir M1 agus de chatagóir N1 mar atá sainithe i bpointe 1.1.1 agus i bpointe 1.2.1 de Chuid A d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE agus maidir le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a cheaptar agus a thógtar le haghaidh feithiclí den sórt sin. Ní bheidh feidhm aige maidir leis na feithiclí seo a leanas:
(a)
feithiclí a tháirgtear i sraitheanna teoranta arna gceadú de bhun Airteagal 22 agus Airteagal 23 de Threoir 2007/46/CE;
(b)
feithiclí arna gceadú de bhun Airteagal 24 de Threoir 2007/46/CE;
(c)
feithiclí nach bhféadfar, ar chúiseanna teicniúla, a fheistiú le sásra truicéaraithe iomchuí eCall, mar a chinntear i gcomhréir le mír 2.
|
|
Airteagal 2 2.
|
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8 chun aicmí feithiclí de chatagóir M1 agus de chatagóir N1 a shainaithint, ar feithiclí iad nach féidir a fheistiú le sásra truicéaraithe iomchuí eCall ar chúiseanna teicniúla, ar bhonn staidéar lena ndéantar na costais agus na tairbhí a mheasúnú, ar staidéar é a dhéanann an Coimisiún nó a shainordaíonn an Coimisiún, agus aird á tabhairt ar na gnéithe ábhartha sábháilteachta agus teicniúla uile. Déanfar na chéad ghníomhartha tarmligthe den sórt sin a ghlacadh faoin 9 Meitheamh 2016.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0758
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|