|
+Airteagal 9 Gníomhartha cur chun feidhme |
Airteagal 9 Gníomhartha cur chun feidhmeAirteagal 9 Gníomhartha cur chun feidhme Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na forálacha riaracháin do chineálcheadú CE feithiclí maidir leis an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 agus do chineálcheadú CE córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a cheaptar agus a thógtar le haghaidh feithiclí den sórt sin faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(1) maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na teimpléid do na doiciméid faisnéise atá le cur ar fáil ag monaróirí chun críocha an chineálcheadaithe;
(b)
na teimpléid do na deimhnithe ar chineálcheadú CE;
(c)
an tsamhail (na samhlacha) do mharc chineálcheadú CE. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2). Déanfar na chéad ghníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh faoin 9 Meitheamh 2016. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|