|
+Airteagal 63 2. |
Airteagal 63 2.I gcás ina gceadaítear cuideachta le dlíthe Ballstáit a scaireanna dílse a fháil, má fhaigheann sí féin iad nó má fhaightear trí dhuine ag gníomhú ina ainm nó ina hainm féin ach thar ceann na cuideachta iad, ceanglófar leo go gcuirfear an méid seo a leanas ar a laghad in iúl sa tuarascáil bhliantúil:
(a)
na cúiseanna leis na héadálacha a rinneadh le linn na bliana airgeadais;
(b)
líon na scaireanna nó a luach ainmniúil, nó in éagmais luach ainmniúil, parluach cuntasach na scaireanna a fuarthas agus a rinneadh a dhiúscairt le linn na bliana airgeadais agus an cion den chaipiteal suibscríofa dá seasann siad;
(c)
i gcás éadáil nó diúscairt le haghaidh luacha, an chomaoin le haghaidh na scaireanna;
(d)
líon na scaireanna nó a luach ainmniúil, nó in éagmais luach ainmniúil, parluach cuntasach na scaireanna go léir a fuarthas agus a bhí i seilbh na cuideachta agus an cion den chaipiteal suibscríofa dá seasann siad. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|