|
+Airteagal 86l 4. |
Airteagal 86l 4.Agus iad i mbun rialála ar na prionsabail agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
bronnfaidh siad ar an gcomhlacht caibidlíochta speisialta an ceart chun cinneadh a dhéanamh, faoi réir ag móramh de dhá thrian dá chomhaltaí arb ionann é sin agus dhá thrian de na fostaithe, gan caibidlíochtaí a thionscnamh nó caibidlíochtaí atá tionscanta cheana féin a fhoirceannadh agus chun brath ar na rialacha rannpháirtíochta atá i bhfeidhm sa Bhallstát cinn scríbe;
(b)
i gcás ina bhfuil feidhm, tar éis caibidlíocht roimh ré, ag rialacha caighdeánacha le haghaidh rannpháirtíochta agus in ainneoin rialacha den sórt sin, féadfar cinneadh a dhéanamh maidir le teorainn a chur le cion na n‐ionadaithe fostaithe i gcomhlacht riaracháin na cuideachta comhshóite. Mar sin féin, más ionadaithe fostaithe ar a laghad aon trian de bhord riaracháin nó de bhord maoirseachta na cuideachta ní fhéadfaidh sé a bheith mar thoradh riamh ar an teorannú sin go mbeidh cion ionadaithe fostaithe níos lú ná aon trian sa chomhlacht riaracháin;
(c)
áiritheofar go bhfeidhmeofar go fóill na rialacha maidir le rannpháirtíocht fostaithe a bhí i bhfeidhm roimh an gcomhshó trasteorann go dtí dáta feidhmithe aon cheann de na rialacha arna gcomhaontú ina dhiaidh sin nó, in éagmais rialacha comhaontaithe, go dtí feidhmiú na rialacha caighdeánacha i gcomhréir le pointe (a) de Chuid 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2001/86/EC. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|