|
+Airteagal 137 2. |
Airteagal 137 2.Sonrófar le dréacht-téarmaí deighilte na nithe seo a leanas ar a laghad:
(a)
cineál, ainm agus oifig chláraithe gach cinn de na cuideachtaí atá páirteach sa deighilt;
(b)
an cóimheas malartaithe scaireanna agus méid aon íocaíochta in airgead tirim;
(c)
na téarmaí a bhaineann le leithroinnt scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir;
(d)
an dáta óna bhfuil sealbhóirí na scaireanna sin i dteideal páirt a ghlacadh i mbrabúis, de bhrí gur sealbhóirí iad agus aon choinníollacha speisialta lena ndéantar difear don teidlíocht sin;
(e)
an dáta óna gcaithfear le hidirbhearta na cuideachta atá á deighilt chun críocha cuntasaíochta mar idirbhearta de chuid ceann amháin nó eile de na cuideachtaí is faighteoir;
(f)
na cearta a thugann na cuideachtaí is faighteoir do shealbhóirí scaireanna lena ngabhann cearta speisialta agus do shealbhóirí urrús seachas scaireanna, nó na bearta a mholtar mar gheall orthu;
(g)
aon bhuntáiste speisialta a thugtar do na saineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 142(1) agus do chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta, maoirsithe nó rialaithe na gcuideachtaí atá páirteach sa deighilt;
(h)
cur síos agus cionroinnt bheacht na sócmhainní agus na ndliteanas atá le haistriú chuig gach ceann de na cuideachtaí is faighteoir;
(i)
cionroinnt na scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir ar scairshealbhóirí na cuideachta atá á deighilt agus na critéir ar a bhfuil an chionroinnt sin bunaithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|