|
+Airteagal 140 Maolú ón gceanglas go ndéanfaí an chuideachta is faighteoir a fhormheas ag an gcruinniú ginearálta |
Airteagal 140 Maolú ón gceanglas go ndéanfaí an chuideachta is faighteoir a fhormheas ag an gcruinniú ginearáltaAirteagal 140 Maolú ón gceanglas go ndéanfaí an chuideachta is faighteoir a fhormheas ag an gcruinniú ginearálta Ní gá a cheangal le dlíthe Ballstáit go ndéanfaí an deighilt a fhormheas ag cruinniú ginearálta de chuideachta is faighteoir má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
déantar an foilsiú dá bhforáiltear in Airteagal 138, a bhaineann le gach cuideachta is faighteoir, mí amháin ar a laghad roimh an dáta arna shocrú do chruinniú ginearálta na cuideachta atá á deighilt, ar cruinniú é a gcinnfear dréacht-téarmaí na deighilte lena linn;
(b)
mí amháin ar a laghad roimh an dáta a shonraítear i bpointe (a), tá scairshealbhóirí uile gach cuideachta is faighteoir i dteideal cigireacht a dhéanamh ag oifig chláraithe na cuideachta sin ar na doiciméid a shonraítear in Airteagal 143(1);
(c)
tá ceann amháin nó níos mó de scairshealbhóirí na cuideachta is faighteoir, atá i seilbh céatadán íosta den chaipiteal suibscríofa, i dteideal a cheangal go ngairfí cruinniú ginearálta de chuideachta den sórt sin is faighteoir chun a chinneadh an ndéanfar an deighilt a fhormheas. Ní fhéadfar céatadán íosta sórt sin a shocrú ag níos mó ná 5 %. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, áfach, do scaireanna nach mbaineann vótáil leo a eisiamh ón ríomh sin. Chun críocha phointe (b) den chéad mhír, beidh feidhm ag Airteagal 143(2), (3) agus (4). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|