|
+Airteagal 151 1. |
Airteagal 151 1.Leanfaidh na hiarmhairtí seo a leanas deighilt, ipso jure agus go comhuaineach:
(a)
aistreofar chuig gach ceann de na cuideachtaí is faighteoir sócmhainní agus dliteanais uile na cuideachta atá á deighilt, idir an chuideachta atá á deighilt agus na cuideachtaí is faighteoir agus maidir le tríú páirtithe araon; gabhfaidh éifeacht le haistriú den sórt sin agus na sócmhainní agus na dliteanais á ndeighilt i gcomhréir leis an gcionroinnt a leagtar síos sna dréacht-téarmaí deighilte nó in Airteagal 137(3);
(b)
tiocfaidh scairshealbhóirí na cuideachta atá á deighilt chun bheith ina scairshealbhóirí de chuideachta amháin nó níos mó is faighteoir i gcomhréir leis an gcionroinnt a leagtar síos sna dréacht-téarmaí deighilte;
(c)
scoirfidh an chuideachta atá á deighilt de bheith ann. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|