|
+Airteagal 160f 2. |
Airteagal 160f 2.Áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 in aon chás tuairim an tsaineolaí maidir le cé acu atá an cúiteamh airgid agus an cóimheas malartaithe scaireanna leormhaith nó nach bhfuil. Agus an cúiteamh airgid á mheasúnú, breithneoidh an saineolaí aon phraghas margaidh de chuid na scaireanna sa chuideachta atá á deighilt roimh fhógairt an togra maidir leis an deighilt nó luach na cuideachta seachas éifeacht na deighilte molta, arna cinneadh i gcomhréir leis na modhanna luachála a bhfuil glacadh coitianta leo. Déanfar an méid seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil:
(a)
an modh nó na modhanna a úsáideadh leis an gcúiteamh airgid molta a ríomh, an modh nó na modhanna sin a léiriú;
(b)
an modh nó na modhanna a úsáideadh leis an gcóimheas malartaithe scaireanna molta a ríomh, an modh nó na modhanna sin a léiriú;
(c)
luafar cé acu atá nó nach bhfuil an modh nó na modhanna leormhaith chun an cúiteamh airgid agus an cóimheas malartaithe scaireanna a mheas agus léireofar an luach a ríomhadh trí na modhanna sin a úsáid agus tabharfar tuairim ar thábhacht choibhneasta na modhanna sin i ndáil leis an luach ar ar cinneadh a ríomh; agus
(d)
tabharfar tuairisc ar aon deacrachtaí luachála speisialta atá tagtha chun cinn. Beidh an saineolaí i dteideal gach faisnéis a fháil ón gcuideachta atá á deighilt atá riachtanach chun dualgais an tsaineolaí a chomhlíonadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|