|
+Airteagal 160r 3. |
Airteagal 160r 3.Amhail ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 160q, beidh na hiarmhairtí seo a leanas ag deighilt trasteorann trí scaradh:
(a)
déanfar an chuid de na sócmhainní agus dliteanais sin na cuideachta atá á deighilt, lena n‐áirítear conarthaí, creidmheasanna, cearta agus oibleagáidí, a aistriú chuig an gcuideachta is faighteoir nó chuig na cuideachtaí is faighteoir, agus is ag an gcuideachta atá á deighilt a bheidh an fuílleach i gcónaí, i gcomhréir leis an leithdháileadh a shonraítear i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann;
(b)
déanfar scaireanna na cuideachta is faighteoir nó na gcuideachtaí is faighteoir a leithdháileadh ar an gcuideachta atá á deighilt.
(c)
cearta agus oibleagáidí sin na cuideachta atá á deighilt a eascróidh as conarthaí fostaíochta nó as caidrimh fostaíochta agus a bheidh ann an tráth a thiocfaidh an deighilt trasteorann in éifeacht, agus a leithdháilfear ar an gcuideachta is faighteoir nó ar na cuideachtaí is faighteoir faoi dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, aistreofar iad chuig an gcuideachta is faighteoir nó chuig na cuideachtaí is faighteoir faoi seach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|