|
+Airteagal 5 1. |
Airteagal 5 1.Áiritheoidh na Ballstáit gur údarás inniúil a dhéanfaidh gach ceann de na cúraimí a leagtar síos sa Treoir seo a ghabháil de láimh. Laistigh de raon feidhme na Treorach seo, beidh na húdaráis rialála náisiúnta freagrach as na cúraimí seo a leanas ar a laghad:
(a)
rialáil margaidh ex ante a chur chun feidhme, lena n-áirítear ceanglais rochtana agus idirnaisc a fhorchur;
(b)
a áirithiú go réiteofar díospóidí idir gnóthais;
(c)
bainistiú speictrim raidió agus cinntí a dhéanamh, nó i gcás inar údarás inniúil éigin eile a dhéanann an bainistiú speictrim sin, comhairle a sholáthar i dtaobh mhúnlú an mhargaidh agus eilimintí iomaíochais de na próisis a bhaineann le cearta úsáide speictrim raidió le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí;
(d)
rannchuidiú le cearta úsáideoirí deiridh a chosaint in earnáil na cumarsáide leictreonaí, i gcomhordú le húdaráis inniúla eile nuair is ábhartha;
(e)
measúnú agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar shaincheisteanna i dtaobh mhúnlú an mhargaidh agus i dtaobh an iomaíochais, a mhéid a bhaineann le rochtain oscailte ar an idirlíon;
(f)
measúnú a dhéanamh ar an ualach éagothrom agus an glanchostas a bhaineann le soláthar seirbhíse uilíche a ríomh;
(g)
inaistritheacht uimhreacha idir soláthraithe a áirithiú;
(h)
aon chúram eile a dhéanamh a shanntar do na húdaráis rialála náisiúnta leis an Treoir seo. Féadfaidh na Ballstáit cúraimí eile dá bhforáiltear sa Treoir seo agus i ndlíthe eile de chuid an Aontais a shannadh do na húdaráis rialála náisiúnta, go háirithe na cúraimí sin a bhaineann le hiomaíochas margaidh nó le dul isteach sa mhargadh amhail údarú ginearálta, agus iad sin a bhaineann le cúram ar bith a leagtar ar BEREC. I gcásanna ina sanntar na cúraimí a bhaineann le hiomaíochas margaidh nó le dul isteach sa mhargadh ar údaráis inniúla eile, rachaidhsiad i gcomhairle leis an údarás rialála náisiúnta sula ndéanfar cinneadh. Ar mhaithe le cuidiú le BEREC leis na cúraimí atá air, beidh na húdaráis rialála náisiúnta i dteideal na sonraí is gá agus faisnéis eile a bhailiú ó rannpháirtithe an mhargaidh. Féadfaidh na Ballstáit cúraimí eile a shannadh do na húdaráis rialála náisiúnta ar bhonn an dlí náisiúnta, lena n-áirítear dlí náisiúnta lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme. Áiritheoidh na Ballstáit cobhsaíocht inniúlachtaí na n-údarás rialála náisiúnta agus an Treoir seo á trasuí acu a mhéid a bhaineann le sannadh na gcúraimí a eascraíonn as an gcreat rialála an Aontais maidir le cumarsáid leictreonach, arna leasú in 2009. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|