+Airteagal 13 Coinníollacha a bhaineann leis an údarú ginearálta agus leis na cearta úsáide do speictream raidió agus d'acmhainní uimhrithe, agus oibleagáidí sainiúla
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
|
Airteagal 13 Coinníollacha a bhaineann leis an údarú ginearálta agus leis na cearta úsáide do speictream raidió agus d'acmhainní uimhrithe, agus oibleagáidí sainiúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
Maidir leis an údarú ginearálta chun líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí, cearta úsáide do speictream raidió agus cearta úsáide d'achmhainní uimhrithe a sholáthar, féadfaidh sé a bheith faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus fúthu sin amháin. Beidh na coinníollacha sin neamh-idirdhealaitheach, comhréireach agus trédhearcach. I gcás na gceart úsáide do speictream raidió, áiritheoidh coinníollacha den sórt sin go mbainfear leas éifeachtach éifeachtúil as an speictream raidió agus beidh siad i gcomhréir le hAirteagal 45 agus le hAirteagal 51, agus i gcás na gceart úsáide d'achmhainní uimhrithe, beidh siad i gcomhréir le hAirteagal 94.
|
|
Airteagal 13 2.
|
Maidir le hoibleagáidí sainiúla a fhéadfar a fhorchur ar ghnóthais a sholáthraíonn líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí faoi Airteagal 61(1) agus (5), agus Airteagail 62, 68 agus 83 nó a fhéadfar a chur orthu siúd a ainmnítear chun seirbhís uilíoch a sholáthar faoin Treoir seo, beidh na hoibleagáidí sin scartha go dlíthiúil ó na cearta agus na hoibleagáidí faoin údarú ginearálta. Chun trédhearcacht a bhaint amach, déanfar tagairt san údarú ginearálta do na critéir agus do na nósanna imeachta chun na hoibleagáidí sainiúla sin a fhorchur ar ghnóthais aonair.
|
|
Airteagal 13 3.
|
Ní bheidh san údarú ginearálta ach coinníollacha ar coinníollacha sainiúla iad don earnáil sin agus a leagtar amach i gCuid A, i gCuid B agus i gCuid C d'Iarscríbhinn I agus nach dúbláil iad ar choinníollacha is infheidhme ar ghnóthais de bharr dlí náisiúnta eile.
|
|
Airteagal 13 4.
|
Ní dhéanfaidh na Ballstáit dúbláil ar choinníollacha an údaraithe ghinearálta i gcás ina ndeonóidh siad ceart úsáide do speictream raidió nó d'achmhainní uimhrithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L1972
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|