|
+Airteagal 17 1. |
Airteagal 17 1.Maidir le gnóthais a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí agus ar gnóthais iad a bhfuil cearta speisialta nó eisiacha acu chun seirbhísí a sholáthar in earnálacha eile sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile, cuirfidh na Ballstáit ceangal orthu an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
cuntais ar leithligh a choimeád ar na gníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí, oiread ba ghá dá mba eintitis atá neamhspleách go dlíthiúil a chuirfeadh na gníomhaíochtaí sin i gcrích, chun na gnéithe uile den chostas agus den ioncam a shainaithint, chomh maith leis an mbonn a bhí lena ríomh agus leis na modhanna leathdháiliúcháin a úsáideadh, a bhaineann legníomhaíochtaí den sórt sin lena n-áirítear miondealú mionsonraithe ar chostais sócmhainní dochta agus ar chostais struchtúracha; nó
(b)
deighilt struchtúrtach a bheith acu do na gníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan na ceanglais dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm ar ghnóthais ar lú ná EUR 50 milliún a láimhdeachas bliantúil i ngníomhaíochtaí a bhaineann le líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí san Aontas. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|