I gcás na margaí trasnáisiúnta arna sainaithint i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na húdaráis náisiúnta rialála lena mbaineann an anailís mhargaidh go comhpháirteach agus lánaird á tabhairt ar threoirlínte CMS agus, ar bhealach comhbheartaithe, déanfaidh siad cinneadh maidir le haon fhorchur, aon chothabháil, aon leasú nó aon tarraingt siar ar oibleagáidí rialála dá dtagraítear in Airteagal 67(4). Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta lena mbaineann fógra i gcomhpháirt don Choimisiúin i ndáil lena ndréachtbhearta maidir le hanailís mhargaidh agus aon oibleagáidí rialála de bhun Airteagal 32 agus Airteagal 33.
Féadfaidh dhá údarás rialála náisiúnta nó níos mó fógra a thabhairt go comhpháirteach freisin faoina ndréachtbhearta maidir le hanailís mhargaidh agus aon oibleagáidí rialála in éagmais margaí trasnáisiúnta, i gcás ina measann siad go bhfuil na dálaí sa mhargadh ina ndlínsí faoi seach aonfhoirmeach a ndóthain.