Déanfaidh BEREC anailís ar éileamh trasnáisiúnta úsáideoirí deiridh do tháirgí agus do sheirbhísí a sholáthraítear laistigh den Aontas i gceann amháin nó níos mó de na margaí a liostaítear sa Mholadh, má fhaigheann sé iarraidh réasúnaithe ina dtugtar fianaise tacaíochta ón gCoimisiún nó ó dhá údarás rialála náisiúnta lena mbaineann ar a laghad ina léirítear go bhfuil fadhb thromchúiseach ann i dtaca le héileamh ar gá aghaidh a thabhairt uirthi. Féadfaidh BEREC anailís den sórt sin a dhéanamh freisin má fhaigheann sé iarraidh réasúnaithe ó rannpháirtithe sa mhargadh a chuireann dóthain fianaise tacaíochta ar fáil agus má mheasann sé go bhfuil fadhb thromchúiseach ann i dtaca le héileamh ar gá aghaidh a thabhairt uirthi. Tá anailís BEREC gan dochar d'aon torthaí margaí trasnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 65(1) agus d'aon torthaí margaí geografacha náisiúnta nó fo-náisiúnta arna gcur ar fáil ag údaráis rialála náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 64(3).
Féadfar a bheith san áireamh san anailís sin ar éileamh trasnáisiúnta d'úsáideoirí deiridh táirgí agus seirbhísí sholáthraítear laistigh de mhargaí táirgí agus seirbhísí ar sainíodh iad ar bhealaí éagsúla ag údarás rialála náisiúnta amháin nó níos mó agus imthosca náisiúnta á gcur san áireamh, ar choinníoll gur féidir na táirgí agus na seirbhísí sin a chur in ionad na dtáirgí agus na seirbhísí sin a sholáthraítear i gceann amháin de na margaí a liostaítear sa Mholadh.