I gcás inarb é tátal an údaráis rialála náisiúnta nár éirigh leis na hoibleagáidí a forchuireadh faoi Airteagal 69 go hAirteagal 74 iomaíocht fhónta a bhaint amach agus go bhfuil fadhbanna tábhachtacha agus leanúnacha nó teipeanna margaidh sainaitheanta i ndáil le soláthar mórdhíola margaí áirithe um rochtain táirgí, féadfaidh sé, ar bhonn eisceachtúil, i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 68(3), oibleagáid a fhorchur ar ghnóthais atá comhtháite go hingearach chun gníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar mórdhíola táirgí rochtana ábhartha in eintiteas gnó a oibríonn go neamhspleách.
Cuirfidh an t-eintiteas gnó táirgí agus seirbhísí rochtana ar fáil do gach gnóthas, lena n-áirítear d'eintitis ghnó laistigh den mháthairghnóthas, ar na hamscálaí, téarmaí agus coinníollacha céanna, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le leibhéil praghsanna agus seirbhísí, agus trí bhíthin na gcóras agus na bpróiseas céanna.