Airteagal 82
Treoirlínte BEREC maidir le líonraí fíor-ardacmhainne
Faoin 21 Nollaig 2020, déanfaidh BEREC, ar dhul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte a eisiúint maidir leis na critéir nach mór do líonra a shásamh d'fhonn go measfaí ina líonra fíor-ardacmhainne é, go háirithe i dtéarmaí an bhandaleithid uasnaisc agus íosnaisc, athléimneacht, paraiméadair earráidghaolmhara, agus aga folaigh agus athruithe san aga sin. Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta lánaird ar na treoirlínte sin. Tabharfaidh BEREC na treoirlínte cothrom le dáta faoin 31 Nollaig 2025, agus arís go rialta dá éis sin.