I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, ag féachaint d'Airteagal 8 de.
I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh nó nuair a iarrfaidh comhalta den choiste amhlaidh. I gcás den sórt sin, comórfaidh an cathaoirleach cruinniú coiste laistigh de thréimhse réasúnach ama.