Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit, faoin 21 Nollaig 2020, pé dlíthe, rialúcháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh na Ballstáit na bearta sin i bhfeidhm ón 21 Nollaig 2020.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireoidh siad chomh maith ráiteas go ndéanfar tagairtí i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana do na Treoracha arna haisghairm leis an Treoir seo a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a fhoirmliú.