+Airteagal 35 An tarmligean a fheidhmiú
---+Airteagal 35 1.
---+Airteagal 35 2.
---+Airteagal 35 3.
---+Airteagal 35 4.
---+Airteagal 35 5.
---+Airteagal 35 6.
---+Airteagal 35 7.

Airteagal 35 An tarmligean a fheidhmiú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 35 1.
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
Airteagal 35 2.
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(3), an dara fomhír, Airteagal 26(2), an ceathrú fomhír, Airteagal 26(2), an cúigiú fomhír, Airteagal 27(3), Airteagal 27(4), Airteagal 27(6), an ceathrú fomhír, Airteagal 28(5), Airteagal 28(6), an dara fomhír, Airteagal 29a(3), Airteagal 31(5), an dara fomhír, agus Airteagal 31a(2), an dara fomhír, a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 20 Samhain 2023. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
Airteagal 35 3.
Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa chúigiú fomhír d’Airteagal 7(3) don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2021.
Airteagal 35 4.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(3), an cúigiú fomhír, Airteagal 8(3), an dara fomhír, Airteagal 26(2), an ceathrú fomhír, Airteagal 26(2), an cúigiú fomhír, Airteagal 27(3), Airteagal 27(4), Airteagal 27(6), an ceathrú fomhír, Airteagal 28(5), Airteagal 28(6), an dara fomhír, Airteagal 29a(3), Airteagal 31(5), agus Airteagal 31a(2), an dara fomhír, a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
Airteagal 35 5.
Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
Airteagal 35 6.
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
Airteagal 35 7.
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(3), an cúigiú fomhír, Airteagal 8(3), an dara fomhír, Airteagal 26(2), an ceathrú fomhír, Airteagal 26(2), an cúigiú fomhír, Airteagal 27(3), Airteagal 27(4), Airteagal 27(6), an ceathrú fomhír, Airteagal 28(5), Airteagal 28(6), an dara fomhír, Airteagal 29a(3), Airteagal 31(5), nó Airteagal 31a(2), an dara fomhír, i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.