+Airteagal 70 2.
|
Airteagal 70 2.
A luaithe a gheobhaidh an Ghníomhaireacht an fógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh sí, gan aon ró-mhoill, a mheasúnú ar comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar torthaí an mheasúnaithe sin a thaisce sa stór lárnach a bunaíodh faoi Airteagal 74. I gcás ina measann an Ghníomhaireacht gur comhlíonadh na coinníollacha sin, déanfaidh sí, gan aon ró-mhoill, measúnú ar cé acu is féidir nó nach féidir léi an fhadhb a shainaithin an Ballstát a réiteach, trí na cinntí dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 76(4) a ghlacadh, agus ar an gcuma sin an gá atá le bearta de chuid an Bhallstáit a bhaint. I gcás ina measann an Ghníomhaireacht gur féidir léi an fhadhb a réiteach ar an gcuma réamhráite, glacfaidh sí an cinneadh is cuí chuige sin agus cuirfidh sí na Ballstáit ar an eolas trí bhíthin an stóir lárnaigh a bunaíodh de bhun Airteagal 74. I gcás ina measann sí nach féidir an fhadhb a réiteach ar an gcuma sin, molfaidh sí don Choimisiún pé gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a leasú ar pé slí is gá, dar léi, i bhfianaise chur chun feidhme mhír 1 den Airteagal seo. I gcás ina measann an Ghníomhaireacht nár comhlíonadh na coinníollacha sin, eiseoidh sí, gan aon ró-mhoill, moladh don Choimisiún maidir le toradh an mheasúnaithe sin. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an moladh sin i dtaisce sa stór lárnach a bunaíodh faoi Airteagal 74.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|