Ní bheidh gá don fhéidearthacht a bheith ann réamhamharc a thabhairt ar an bhfianaise, mar a thagraítear dó i bpointe (f) de mhír 3 den Airteagal seo, i gcás na nósanna imeachta ina gceadaítear malartú trasteorann uathoibrithe fianaise gan a an réamhamharc sin a bheith ann faoin dlí náisiúnta is infheidhme nó faoi dhlí an Aontais is infheidhme.
►C1
Tá an fhéidearthacht réamhamharc a thabhairt ar an bhfianaise gan dochar don oibleagáid faisnéis faoi Airteagal 13 agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/679 a sholáthar.
◄