+IARSCRÍBHINN II Nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6(1)

IARSCRÍBHINN II Nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6(1)




IARSCRÍBHINN II

Nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6(1)



Imeachtaí saoil

Nósanna imeachta

Aschur ionchasach faoi réir measúnú ar an iarratas ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás inarb ábhartha

Breith

Iarratas a dhéanamh ar chruthúnas maidir le clárú breithe

Cruthúnas maidir le clárú breithe nó teastas breithe

Cónaí

Iarratas a dhéanamh ar chruthúnas maidir le cónaí

Deimhniú de chlárú ag an seoladh reatha

Staidéar a dhéanamh

Iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú staidéir don oideachas treasach, amhail deontais agus iasachtaí staidéir ó chomhlacht poiblí nó ó institiúid phoiblí

Cinneadh faoin iarratas ar mhaoiniú nó admháil fála

Iarratas tosaigh a thíolacadh ar chead isteach in institiúid oideachais triú léibhéal phoiblí

Deimhniú go bhfuarthas an t-iarratas

Aitheantas acadúil a iarraidh i gcás dioplómaí, teastas nó cruthúnas eile staidéir nó cúrsaí

Cinneadh ar an iarraidh ar aitheantas

Obair

Iarratas ar an reachtaíocht is infheidhme a chinneadh i gcomhréir le Teideal II de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ()

Cinneadh maidir le reachtaíocht infheidhme

Fógra a thabhairt maidir le hathruithe i gcúinsí pearsanta nó gairmiúla an té a fhaigheann sochair slándála sóisialta, a bheidh ábhartha i dtaca leis na sochair sin

Deimhniú go bhfuarthas fógra faoi athruithe den sórt sin

Iarratas ar Chárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS)

Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS)

Dearbhú cánach ioncaim a thíolacadh

Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú

Bogadh

Athrú ar sheoladh a chlárú

Deimhniú maidir leis an seoladh a bhí ag duine roimhe seo a dhíchlárú agus maidir leis an seoladh nua a chlárú

Mótarfheithicil de thionscnamh nó atá cláraithe cheana féin i mBallstát, a chlárú, i nósanna imeachta caighdeánacha ()

Cruthúnas ar mhótarfheithicil a chlárú

Greamáin a fháil chun críocha an bonneagar bóithre náisiúnta a úsáid: muirir ambhunaithe (greamán), muirir acharbhunaithe (dola), arna eisiúint ag comhlacht poiblí nó institiúid phoiblí

Greamán dola nó greamán nó cruthúnas eile ar íocaíocht a fháil

Greamáin astaíochtaí a fháil arna n-eisiúint ag comhlacht poiblí nó institiúid phoiblí

Greamán astaíochtaí nó cruthúnas eile ar íocaíocht a fháil

Dul ar scor

Sochair phinsin agus sochair réamhscoir a éileamh ó scéimeanna éigeantacha

Deimhniú ar fháil an éilimh nó cinneadh ar an éileamh ar shochair phinsin nó réamhscoir

Faisnéis a iarraidh maidir leis na sonraí a bhaineann le pinsean ó scéimeanna éigeantacha

Ráiteas de shonraí pearsanta pinsin

▼M1

Gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh

Fógra faoi ghníomhaíocht ghnó, cead ar ghníomhaíochta gnó a fheidhmiú, athruithe ar ghníomhaíocht ghnó agus foirceannadh gníomhaíocht ghnó nach mbaineann le nósanna imeachta dócmhainneachta nó leachtaithe, cé is moite den chéad uair a chláraítear gníomhaíocht ghnó leis an gclár gnó agus, cé is moite de na nósanna imeachta a bhaineann le bunú cuideachtaí nó gnólachtaí nó aon chomhdú ina dhiaidh sin ag cuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 54 CFAE ►M2  
Dearbhuithe ó óstaigh le haghaidh nósanna imeachta clárúcháin i ndáil le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach  ◄

Deimhniú ar fháil an fhógra nó an athraithe, nó na hiarrata ar chead gníomhaíochta gnó ►M2  
Uimhir chlárúcháin a eisiúint  ◄

 

Fostóir (duine nádúrtha) a chlárú le scéimeanna éigeantacha pinsean agus árachais

Deimhniú ar chlárú nó ar uimhir chlárúcháin leasa shóisialaigh

Fostaithe a chlárú le scéimeanna éigeantacha pinsean agus árachais

Deimhniú ar chlárú nó ar uimhir chlárúcháin leasa shóisialaigh

Dearbhú cánach corparáide a thíolacadh

Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú

Fógra a thabhairt do na scéimeanna slándála sóisialta faoi dheireadh conartha le fostaí, cé is moite de nósanna imeachta chun conarthaí fostaithe a fhoirceannadh go comhchoiteann

Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú

Ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe a íoc

Admháil nó foirm eile deimhnithe gur íocadh ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe

Fógra a thabhairt faoi sholáthraí seirbhísí idirghabhála sonraí

Deimhniú go bhfuarthas an t-iarratas

Clárú mar eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas

Deimhniú an chlárúcháin

▼M3

Tionscadail amhábhar criticiúil

Nós imeachta a bhaineann le gach cead ábhartha chun tionscadail amhábhar criticiúil a thógáil agus a oibriú, lena n-áirítear ceadanna nasctha tógála, ceimiceán agus eangaí agus measúnuithe agus údaruithe comhshaoil i gcás inar gá sin, agus lena gcuimsítear na hiarratais agus na nósanna imeachta uile ón tráth a dhéantar a admháil go bhfuil an t-iarratas curtha i gcrích go dtí go dtabharfaidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/1252 fógra faoin gcinneadh cuimsitheach maidir le toradh an nós imeachta.

Na haschuir uile a bhaineann leis na nósanna imeachta idir iomláine an iarratais a admháil agus an fógra faoin gcinneadh cuimsitheach maidir le toradh an nós imeachta tríd an bpointe teagmhála aonair lena mbaineann de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/1252.

▼B

►M4  Tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta ◄

►M4  Nósanna imeachta le haghaidh na gceadanna ábhartha uile chun tionscadail monaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta a thógáil, a shíneadh, a thiontú agus a oibriú, lena n-áirítear ceadanna maidir le tógáil, ceimiceáin agus nascacht eangaí, measúnuithe comhshaoil agus údaruithe, i gcás inar gá, agus lena gcuimsítear na hiarratais agus nósanna imeachta uile. ◄

►M4  Gach aschur a bhaineann leis na nósanna imeachta a théann ón admháil go bhfuil an t-iarratas tugtha i gcrích go dtí an fógra ón bpointe teagmhála ainmnithe faoin gcinneadh cuimsitheach maidir le toradh an nós imeachta. ◄

(1)   

Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).

(2)   

Cumhdaítear leis seo na feithiclí seo a leanas: (a) aon mhótarfheithicil nó leantóir mar a thagraítear dóibh in Airteagal 3 de Threoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1) agus (b) aon mhótarfheithicil ar a bhfuil dhá nó trí roth, bíodh nó ná bíodh rotha cúplacha orthu, ar feithicil í atá beartaithe chun taisteal ar an mbóthar, mar a thagraítear di in Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1724
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.