3. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le gníomhaíocht atá lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais.
Ní dochar an Rialachán seo d'fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le heagrú inmheánach na mBallstát agus lena ndéantar cumhachtaí agus freagrachtaí maidir le sonraí a phróiseáil, gan luach saothair conarthach do pháirtithe príobháideacha, a dháileadh i measc údaráis phoiblí agus comhlachtaí poiblí arna rialú leis an dlí poiblí mar a shainmhínítear i bpointe (4) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE, agus d'fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát lena ndéantar foráil do chur chun feidhme na gcumhachtaí agus na bhfreagrachtaí sin.