+Airteagal 32 Freagairt do dhul chun cinn neamhleor i dtreo cuspóirí agus spriocanna an Aontais don fhuinneamh agus don aeráid
---+Airteagal 32 1.
---+Airteagal 32 2.
---+Airteagal 32 3.
---+Airteagal 32 4.
---+Airteagal 32 5.
---+Airteagal 32 6.
---+Airteagal 32 7.
---+Airteagal 32 8.

Airteagal 32 Freagairt do dhul chun cinn neamhleor i dtreo cuspóirí agus spriocanna an Aontais don fhuinneamh agus don aeráid

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 32 1.
I gcás, ar bhonn a chuid measúnaithe de bhun phointe (b) d'Airteagal 29(1), ina measann an Coimisiún nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach déanta ag Ballstát i dtreo a gcuid cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe a bhaint amach, a gcuid pointí tagartha don fhuinneamh in-athnuaite a bhaint amach, nó i dtaca leis na beartais agus na bearta a leagtar amach ina phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur chun feidhme, eiseoidh sé moltaí don Bhallstát lena mbaineann de bhun Airteagal 34.

Ina mholtaí i réimse an fhuinnimh in-athnuaite, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na himthosca ábhartha arna gcur in iúl ag an mBallstát i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 5(1). Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin tionscadail fuinnimh in-athnuaite, a ndearnadh cinneadh deiridh infheistíochta ina leith, ar choinníoll go gcuirfear na tionscadail sin i bhfeidhm sa tréimhse 2021 go 2030 agus go mbeidh tionchar suntasach acu ar rannchuidiú náisiúnta Ballstáit.

Ina mholtaí i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar na critéir oibiachtúla a liostaítear i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 6(1) agus ar na himthosca náisiúnta ábhartha arna gcur in iúl ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 6(2).

Airteagal 32 2.
I gcás, ar bhonn a chuid measúnaithe chomhiomláin ar phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn na mBallstát de bhun phointe (a) d'Airteagal 29(1) agus tacaíocht aige ó fhoinsí eile faisnéise, de réir mar is iomchuí, ina measann an Coimisiún go bhfuil an baol ann nach mbainfidh an tAontas amach cuspóirí an Aontais Fuinnimh, agus go háirithe don chéad tréimhse deich mbliana, spriocanna Chreat 2030 um Aeráid agus um Fhuinneamh an Aontais, féadfaidh sé moltaí a eisiúint do gach Ballstát de bhun Airteagal 34 chun riosca den chineál sin a mhaolú.

I réimse an fhuinnimh in-athnuaite, déanfaidh an Coimisiún measúnú an leor na bearta náisiúnta dá bhforáiltear i mír 3 chun spriocanna an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite a bhaint amach. I gcás nach leor na bearta náisiúnta, déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, bearta a mholadh agus a chumhachtaí a fheidhmiú ar leibhéal an Aontais chomh maith leis na moltaí sin chun a áirithiú, go háirithe, go mbainfear amach sprioc 2030 an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite.

I réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, bearta a mholadh agus a chumhachtaí a fheidhmiú ar leibhéal an Aontais chomh maith leis na moltaí sin chun a áirithiú, go háirithe, go mbainfear amach sprioc 2030 an Aontais don éifeachtúlacht fuinnimh.

I réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, d'fhéadfadh bearta breise den sórt sin éifeachtúlacht fuinnimh na nithe seo a leanas a fheabhsú go háirithe:

(a) 

táirgí, de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) agus Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );

(b) 

foirgnimh, de bhun Threoir 2010/31/AE agus Threoir 2012/27/AE; agus

(c) 

an t-iompar.

Airteagal 32 3.

I gcás ina gcinneann an Coimisiún, i réimse an fhuinnimh in-athnuait, ar bhonn an mheasúnaithe de bhun Airteagal 29(1) agus (2), nach ndearnadh ceann amháin nó níos mó de phointí tagartha chonair tháscach an Aontais in 2022, 2025 agus 2027 dá dtagraítear in Airteagal 29(2) a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit sin atá tite faoi bhun a gcuid pointí tagartha náisiúnta in 2022, 2025 agus 2027 amhail dá dtagraítear i bpointe (a)(2) d'Airteagal 4, go gcuirfear bearta breise chun feidhme laistigh de bhliain amháin i ndiaidh an dáta a fhaightear measúnú an Choimisiúin chun an bhearna a chumhdach i gcomparáid lena bpointe tagartha náisiúnta, amhail:

(a) 

bearta náisiúnta chun úsáid fuinnimh in-athnuaite a mhéadú;

(b) 

coigeartú a dhéanamh ar sciar an fhuinnimh in-athnuaite san earnáil téamh agus fuarú a leagtar amach in Airteagal 23(1) de Threoir (AE) 2018/2001;

(c) 

coigeartú a dhéanamh ar sciar an fhuinnimh in-athnuaite san earnáil iompair a leagtar amach in Airteagal 25(1) de Threoir (AE) 2018/2001;

(d) 

ranníocaíocht dheonach airgeadais a dhéanamh le sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite arna bhunú ar leibhéal an Aontais, lena rannchuideofar le tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus a bheidh á bhainistiú go díreach nó go hindíreach ag an gCoimisiún mar a leagtar amach in Airteagal 33;

(e) 

úsáid a bhaint as sásraí comhair a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001.;

Cuirfear san áireamh i mbearta den chineál sin breithnithe an Choimisiúin de réir mar a leagtar amach iad sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo. Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann na bearta sin a chur san áireamh mar chuid den tuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn.

Airteagal 32 4.
Ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh, ní bheidh sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in olltomhaltas deiridh gach Ballstáit maidir lena n-ídiú fuinnimh níos ísle ná sciar bonnlíne is ionann agus sprioc fhoriomlán náisiúnta éigeantach an Bhallstáit le haghaidh an sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite in 2020 a leagtar amach in Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2018/2001. Mura gcoimeádann Ballstát a sciar bonnlíne arna mheas le linn tréimhse bliana, glacfaidh an Ballstát lena mbaineann, laistigh de bhliain amháin, bearta breise ar nós na mbeart a leagtar amach i bpointí (a) go (e) den chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo ar leor iad chun an bhearna a chumhdach laistigh de bhliain amháin.

Maidir leis na Ballstáit a chomhlíonann an oibleagáid maidir leis an mbearna sa bhonnlíne a chumhdach, measfar go gcomhlíonann siad na hoibleagáidí a leagtar amach sa chéad abairt den chéad fhomhír den mhír seo agus in Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2018/2001 le linn na tréimhse inar tharla an bhearna.

Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a gcuid ioncaim ó lamháltais astaíochta bliantúla a úsáid faoi Threoir 2003/87/CE.

Airteagal 32 5.
I gcás ina dtiteann sciar Ballstáit d'fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite faoi cheann amháin nó níos mó dá phointí tagartha náisiúnta in 2022, 2025 agus 2027 dá dtagraítear i bpointe (a)(2) d'Airteagal 4, áireoidh sé sa chéad tuarascáil chomhtháite eile arna cur faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 17 míniú ar conas a chumhdóidh sé an bhearna i gcomparáid lena phointí tagartha náisiúnta.
Airteagal 32 6.
Más rud é, i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, gan dochar do bhearta eile ar leibhéal an Aontais de bhun an triú fomhír de mhír 2 den Airteagal seo, go measann an Coimisiún, bunaithe ar a mheasúnú de bhun Airteagal 29(1) agus (3), arna dhéanamh faoi na blianta 2022, 2025 agus 2027, nach leor an dul chun cinn i dtaca le sprioc an Aontais don éifeachtúlacht fuinnimh dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal (29)(3) a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann, molfaidh sé bearta agus feidhmeoidh sé a chumhachtaí ar leibhéal an Aontais sa bhreis orthu siúd a leagtar amach i dTreoir 2010/31/AE agus i dTreoir 2012/27/AE chun a áirithiú go mbainfear amach spriocanna 2030 an Aontais don éifeachtúlacht fuinnimh.
Airteagal 32 7.
Déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo mionsonraí a thabhairt maidir leis na bearta breise atá curtha chun feidhme, glactha agus beartaithe mar chuid dá thuarascáil ar dhul chun cinn ina dhiaidh sin, dá dtagraítear in Airteagal 17.
Airteagal 32 8.
I gcás ina gcinneann an Coimisiún sa bhliain 2025 ar bhonn an mheasúnaithe a dhéanfaidh sé de bhun Airteagal 29(1) agus (4) nach leor a ndearnadh de dhul chun cinn i réimse na n-idirnasc, oibreoidh sé i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann faoin mbliain 2026 agus é mar aidhm aige aghaidh a thabhairt ar na himthosca a bhí i gceist.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.