+Airteagal 39 Córais Aontais agus córais náisiúnta i ndáil le beartais agus bearta agus réamhmheastacháin
---+Airteagal 39 1.
---+Airteagal 39 2.
---+Airteagal 39 3.
|
Airteagal 39 Córais Aontais agus córais náisiúnta i ndáil le beartais agus bearta agus réamhmheastacháin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 39 1.
|
Faoin 1 Eanáir 2021, déanfaidh Ballstáit agus an Coimisiún córais náisiúnta agus córais Aontais tuairiscithe ar bheartais agus ar bhearta faoi seach a oibriú agus déanfaidh siad iarracht iad a fheabhsú ar bhonn leanúnach; úsáidfear na córais seo d'fhonn réamh-mheastacháin ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus aistrithe trí linnte a ullmhú agus a thuairisciú chomh maith. Áireofar sna córais sin na socruithe ábhartha institiúideacha, dlí agus nós imeachta ar fad arna mbunú laistigh de Bhallstát agus den Aontas chun meastóireacht a dhéanamh ar bheartas agus réamh-mheastacháin a dhéanamh faoi gháis cheaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte.
|
|
Airteagal 39 2.
|
Beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún tráthúlacht, trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine na faisnéise tuairiscithe ar bheartais agus ar bhearta agus ar réamh-mheastacháin ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus aistrithe trí linnte a áirithiú, amhail dá dtagraítear in Airteagal 18, lena n-áirítear úsáid agus cur i bhfeidhm sonraí, modhanna agus samhlacha, agus cur chun feidhme gníomhaíochtaí rialaithe cáilíochta agus dearbhaithe cáilíochta agus anailís íogaireachta.
|
|
Airteagal 39 3.
|
Glacfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme chun struchtúr, formáid agus próiseas curtha isteach na faisnéise ar chórais náisiúnta agus ar chórais an Aontais a leagan amach i gcomhair beartas agus beart agus réamh-mheastachán de bhun mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo agus d'Airteagal 18. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á moladh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na cinntí ábhartha arna nglacadh ag comhlachtaí UNFCCC nó ag comhlachtaí Chomhaontú Pháras, lena n-áirítear ceanglais tuairiscithe a aontaíodh go hidirnáisiúnta chomh maith le hamchláir chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(6).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|