+Airteagal 41 Comhar idir na Ballstáit agus an tAontas
---+Airteagal 41 1.
---+Airteagal 41 2.

Airteagal 41 Comhar idir na Ballstáit agus an tAontas

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 41 1.

Comhoibreoidh agus comhordóidh na Ballstáit le chéile go hiomlán agus leis an Aontas i ndáil le hoibleagáidí faoin Rialachán seo, go háirithe i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a) 

an próiseas maidir leis na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 13 a ullmhú, a ghlacadh, a mheasúnú agus fógra a thabhairt fúthu;

(b) 

an próiseas maidir leis an tuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn ó thaobh cúrsaí fuinnimh agus aeráide de bhun Airteagal 17 agus an tuairisciú bliantúil de bhun Airteagal 26 a ullmhú, a ghlacadh, a mheasúnú agus fógra a thabhairt fúithi;

(c) 

an próiseas maidir le moltaí an Choimisiúin agus aghaidh a thabhairt ar na moltaí sin de bhun Airteagal 9(2) agus (3), Airteagal 17(6), Airteagal 30(1), Airteagal 31(1) agus Airteagal 32(1) agus (2);

(d) 

fardal gás ceaptha teasa an Aontais a thiomsú agus an tuarascáil maidir le fardal gás ceaptha teasa an Aontais a ullmhú, de bhun Airteagal 26(4);

(e) 

teachtaireacht náisiúnta an Aontais a ullmhú de bhun Airteagal 12 de UNFCCC agus tuarascáil dhébhliantúil an Aontais de bhun Chinneadh 2/CP.17 nó de bhun cinntí ábhartha eile arna nglacadh ina dhiaidh sin ag comhlachtaí UNFCCC;

(f) 

nósanna imeachta athbhreithnithe agus comhlíonta faoi UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras i gcomhréir le haon chinneadh is infheidhme faoi UNFCCC mar aon le nós imeachta an Aontais chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhardail gás ceaptha teasa na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 38;

(g) 

aon choigeartuithe i ndiaidh an phróisis athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 38 nó aon athruithe eile ar fhardail agus ar thuarascálacha fardail arna gcur faoi bhráid, nó atá le cur faoi bhráid, Rúnaíocht UNFCCC;

(h) 

neasfhardal gás ceaptha teasa an Aontais a thiomsú, de bhun Airteagal 26(2).

Airteagal 41 2.
Féadfaidh an Coimisiún cúnamh teicniúil a chur ar fáil do Bhallstáit maidir le hoibleagáidí faoin Rialachán seo arna iarraidh sin don Bhallstát.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.