+IARSCRÍBHINN II

IARSCRÍBHINN II




IARSCRÍBHINN II

RANNCHUIDITHE NÁISIÚNTA DO SCIAR AN FHUINNIMH Ó FHOINSÍ IN-ATHNUAITE SAN OLLTOMHALTAS DEIRIDH FUINNIMH IN 2030

1. Léiríonn an fhoirmle tháscach seo a leanas na critéir oibiachtúla a liostaítear i bpointí (e)(i) go (v) d'Airteagal 5(1), agus gach ceann á shloinneadh i bpointí céatadáin:

(a) 

sprioc cheangailteach náisiúnta an Bhallstáit do 2020 a leagtar amach sa tríú colún den tábla i gcuid A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001;

(b) 

ranníocaíocht ar ráta comhréidh (CFlat);

(c) 

ranníocaíocht bunaithe ar OTI per capita (CGDP);

(d) 

ranníocaíocht bunaithe ar phoitéinseal (CPotential);

(e) 

ranníocaíocht a léiríonn leibhéal idirnaisc an Bhallstáit (CInterco).

2. Beidh CFlat mar a chéile do gach Ballstát. Beidh méid CFlat na mBallstát ar fad le chéile ionann le 30 % den difríocht idir spriocanna an Aontais do 2030 agus do 2020.

3. Leithdháilfear CGDP i measc na mBallstát bunaithe ar innéacs OTI per capita Eurostat go dtí meán an Aontais thar an tréimhse 2013 go 2017, arna shloinneadh i gcaighdeán cumhachta ceannaigh, agus beidh uasteorainn 150 % de mheán an Aontais ag an innéacs i gcás gach Ballstáit. Beidh méid CGDP na mBallstát ar fad le chéile ionann le 30 % den difríocht idir spriocanna an Aontais do 2030 agus do 2020.

4. Leithdháilfear CPotential i measc na mBallstát bunaithe ar an difríocht idir sciar fuinnimh in-athnuaite Ballstáit in 2030 mar a thaispeántar i gcás tagartha PRIMES agus a sprioc cheangailteach náisiúnta do 2020. Beidh méid CPotential na mBallstát ar fad le chéile ionann le 30 % den difríocht idir spriocanna an Aontais do 2030 agus do 2020.

5. Leithdháilfear CInterco i measc na mBallstát bunaithe ar innéacs sciar an idirnasctha leictreachais le hais mheán an Aontais in 2017, arna thomhas le glanacmhainn an aistrithe le hais acmhainn na giniúna suiteáilte iomláine, agus beidh uasteorainn 150 % de mheán an Aontais ag innéacs sciar an idirnasctha i gcás gach Ballstáit. Beidh méid CInterco na mBallstát ar fad le chéile ionann le 10 % den difríocht idir spriocanna an Aontais do 2030 agus do 2020.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.