|
+IARSCRÍBHINN III |
IARSCRÍBHINN III
IARSCRÍBHINN III FÓGRAÍ FAOI BHEARTA AGUS MODHEOLAÍOCHTAÍ NA MBALLSTÁT CHUN AIRTEAGAL 7 DE THREOIR 2012/27/AE A CHUR CHUN FEIDHME Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún faoin modheolaíocht mhionsonraithe atá beartaithe acu de bhun phointe 5 d'Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2012/27/AE maidir le feidhmiú na scéimeanna oibleagáide um éifeachtúlacht fuinnimh agus bearta malartacha beartais dá dtagraítear in Airteagail 7a agus 7b agus in Airteagal 20(6) den Treoir chéanna. 1. Ríomh leibhéal an cheanglais maidir le coigilteas fuinnimh atá le baint amach sa tréimhse iomlán ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030, lena dtaispeántar an bealach a dtugtar aird ar na gnéithe seo a leanas:
(a)
tomhaltas fuinnimh bliantúil deiridh, meánaithe thar an tréimhse trí bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019 [in ktoe];
(b)
méid carnach an choigiltis úsáid deiridh fuinnimh atá le baint amach [in ktoe] i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 7(1) de Threoir 2012/27/AE;
(c)
sonraí a úsáidtear i ríomh an tomhaltais fuinnimh úsáid deiridh agus foinsí na sonraí sin, lena n-áirítear bonn cirt d'úsáid sonraí staidrimh malartacha agus d'aon difríochtaí i dtaca leis na méideanna atá ann dá bharr (má úsáidtear foinsí eile seachas Eurostat); 2. Maidir leis na Ballstáit a chinnfidh úsáid a bhaint as aon cheann de na féidearthachtaí faoi Airteagal 7(2) de Threoir 2012/27/AE, tabharfaidh siad fógra freisin faoin ríomh atá déanta acu ar leibhéal an cheanglais maidir le coigilteas fuinnimh atá le baint amach sa tréimhse iomlán ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030, agus taispeánfaidh siad an chaoi a gcuirtear na gnéithe seo a leanas san áireamh:
(a)
a ráta coigiltis bliantúil féin;
(b)
a mbonnlíne ríomha féin agus an fuinneamh a úsáidtear san iompar, go hiomlán nó go páirteach, atá eisiata ón ríomh [in ktoe];
(c)
méid carnach an choigiltis fuinnimh arna ríomh sa tréimhse iomlán ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollag 2030 (roimh chur i bhfeidhm na roghanna dá dtagraítear i bpointí (b) go (g) d'Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE) [in ktoe];
(d)
cur i bhfeidhm na roghanna dá dtagraítear i bpointí (b) go (g) d'Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE:
(i)
an tomhaltas fuinnimh deiridh i ngníomhaíochtaí tionsclaíochta [in ktoe] a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE agus atá eisiata ón ríomh, i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE;
(ii)
an méid coigiltis fuinnimh [in ktoe] a bhaintear amach sna hearnálacha um thrasfhoirmiú, dáileadh agus tarchur fuinnimh, lena n-áirítear bonneagair téimh agus fuaraithe éifeachtúil ceantair, i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE;
(iii)
an méid coigiltis fuinnimh [in ktoe] mar thoradh ar ghníomhaíochtaí aonair a cuireadh chun feidhme le déanaí ó 31 Nollaig 2008 a mbeidh tionchar acu fós in 2020 agus ina dhiaidh sin agus i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE;
(iv)
an méid coigiltis fuinnimh [in ktoe] a eascraíonn as bearta beartais, ar choinníoll gur féidir a léiriú go dtiocfaidh gníomhartha aonair arna ndéanamh tar éis an 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2020 as na bearta beartais sin, lena mbainfidh coigilteas tar éis an 31 Nollaig 2020, i gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE;
(v)
méid an fharasbairr coigiltis fuinnimh [in ktoe] a bhaintear amach sa tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020, a chuireann na Ballstáit san áireamh maidir leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 i gcomhréir le pointe (f) d'Airteagal 7(3) de Threoir 2012/27/AE;
(vi)
méid an choigiltis fuinnimh [in ktoe] a sháraíonn an méid coigiltis charnaigh fuinnimh is gá sa tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020, a chuireann na Ballstáit san áireamh maidir leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 i gcomhréir le pointe (g) d'Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE;
(e)
méid carnach iomlán an choigiltis fuinnimh (tar éis na roghanna dá dtagraítear i bpointí (b) go (g) d'Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE a chur san áireamh). 3. Bearta beartais i bhfianaise baint amach an cheanglais coigiltis dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Threoir 2012/27/AE: 3.1. Scéimeanna oibleagáide um éifeachtúlacht fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 7a de Threoir 2012/27/AE:
(a)
tuairisc ar an scéim oibleagáide um éifeachtúlacht fuinnimh;
(b)
méid iomlán bliantúil agus carnach maidir le coigilteas atá tuartha agus fad thréimhse(í) na hoibleagáide;
(c)
páirtithe faoi oibleagáid agus a gcuid freagrachtaí;
(d)
sprioc-earnálacha;
(e)
gníomhaíochtaí incháilithe dá bhforáiltear faoin mbeart;
(f)
faisnéis faoi chur i bhfeidhm na bhforálacha seo a leanas de Threoir 2012/27/AE:
(i)
i gcás inarb infheidhme, gníomhaíochtaí sonracha, sciar coigiltis atá le baint amach i dteaghlaigh atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 7 (11);
(ii)
coigilteas atá le baint amach ag soláthraithe seirbhísí fuinnimh nó ag tríú páirtithe eile i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 7a(6);
(iii)
“baincéireacht agus iasachtaíocht” i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 7a (6);
(g)
i gcás inarb ábhartha, faisnéis ar thrádáil coigiltis fuinnimh. 3.2 Bearta malartacha dá dtagraítear in Airteagal 7b agus in Airteagal 20(6) de Threoir 2012/27/AE (seachas cánachas):
(a)
cineál birt beartais;
(b)
tuairisc ghearr ar an mbeart beartais lena n-áirítear na gnéithe deartha do gach beart beartais ar tugadh fógra faoi;
(c)
an méid iomlán de choigilt charnach agus bhliantúil atá tuartha do gach beart agus/nó an méid fuinnimh a sábháladh maidir le haon tréimhse idirmheánach;
(d)
údaráis phoiblí cur chun feidhme, páirtithe rannpháirteacha nó iontaofa agus a gcuid freagrachtaí maidir leis an mbeart/na bearta beartais a chur chun feidhme;
(e)
sprioc-earnálacha;
(f)
gníomhaíochtaí incháilithe dá bhforáiltear faoin mbeart;
(g)
i gcás inarb infheidhme, bearta beartais sonracha nó gníomhaíochtaí aonair arna ndíriú ar bhochtaineacht fuinnimh. 3.3. Faisnéis maidir le bearta cánachais:
(a)
tuairisc ghearr ar an mbeart cánachais;
(b)
fad an bhirt cánachais;
(c)
an t-údarás poiblí cur chun feidhme;
(d)
méid carnach agus bliantúil atáthar a thuar do gach beart;
(e)
Sprioc-earnálacha agus deighleog na gcáiníocóirí;
(f)
an mhodheolaíocht ríofa, lena n-áirítear cé na praghasleaisteachais a úsáidtear agus conas a bunaíodh iad, i gcomhréir le pointe (4) d'Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2012/27/AE. 4 Modheolaíocht ríofa do bhearta a dtugtar fógra ina leith faoi Airteagail 7a agus 7b agus Airteagal 20(6) de Threoir 2012/27/AE (seachas bearta cánachais):
(a)
modhanna tomhais dá dtagraítear i bpointe 1 d'Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2012/27/AE;
(b)
modh chun coigilteas fuinnimh a shloinneadh (coigilteas phríomhúil fuinnimh nó coigilteas deiridh fuinnimh);
(c)
saolréanna na mbeart, an ráta ag a dtagann laghdú ar choigilt le himeacht ama agus an cur chuige a úsáidtear chun saolré an choigiltis a chur san áireamh;
(d)
tuairisc ghearr ar an modheolaíocht ríofa lena n-áirítear an modh lena n-áirithítear breisíocht agus ábharthacht choigilte agus na modheolaíochtaí agus na tagarmharcanna a úsáidtear le haghaidh coigiltis mheasta agus scálaithe;
(e)
faisnéis faoin gcaoi a ndírítear ar aon fhorluí féideartha idir na bearta agus na gníomhaíochtaí aonair d'fhonn áireamh dúbailte ar choigilt fuinnimh a sheachaint;
(f)
i gcás inar ábhartha, éagsúlachtaí aeráide agus an cur chuige a úsáidtear. 5. Faireachán agus fíorú
(a)
tuairisc ghearr ar an gcóras faireacháin agus fíoraithe agus ar phróiseas an fhíoraithe;
(b)
an t-údarás poiblí cur chun feidhme agus a phríomhfhreagrachtaí i mbun an chórais faireacháin agus fíoraithe maidir leis an scéim oibleagáide um éifeachtúlacht fuinnimh nó bearta malartacha;
(c)
neamhspleáchas faireacháin agus fíoraithe ó na páirtithe faoi oibleagáid agus na páirtithe rannpháirteacha nó iontaoibhe;
(d)
cion atá suntasach ó thaobh an staidrimh de maidir le bearta feabhsúcháin um éifeachtúlacht fuinnimh agus cion agus critéir a úsáidtear chun sampla ionadaíoch a shainmhíniú agus a roghnú;
(e)
oibleagáidí tuairiscithe ar pháirtithe faoi oibleagáid (coigilteas a bhaineann gach páirtí faoi oibleagáid amach, nó a bhaineann gach fochatagóir de pháirtí faoi oibleagáid amach, agus an choigilt iomlán faoin scéim).
(f)
foilsiú an choigiltis fuinnimh a bhaintear amach (gach bliain) faoin scéim oibleagáide um éifeachtúlacht fuinnimh agus faoi bhearta malartacha;
(g)
faisnéis faoi dhlí na mBallstát maidir leis na pionóis a bheidh le cur i bhfeidhm i gcás neamhchomhlíonta;
(h)
Faisnéis faoi bhearta beartais dá bhforáiltear i gcás nach bhfuil an dul chun cinn atá déanta sásúil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|