1. Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha arb é is aidhm dóibh comhchuibhiú breise a dhéanamh ar dhlí an Aontais atá infheidhme maidir le cóipcheart agus le cearta gaolmhara faoi chuimsiú an mhargaidh inmheánaigh, agus úsáidí digiteacha agus trasteorann inneachair chosanta á gcur san áireamh go háirithe. Leagtar síos léi freisin rialacha maidir le heisceachtaí agus maidir le teorainneacha ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara, maidir le ceadúnais a éascú, mar aon le rialacha arb é is aidhm dóibh margadh dea-fheidhmithe a áirithiú chun saothair agus ábhar eile a shaothrú.