+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 2 (1)
---+Airteagal 2 (2)
---+Airteagal 2 (3)
---+Airteagal 2 (4)
---+Airteagal 2 (5)
---+Airteagal 2 (6)
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 (1)
|
ciallaíonn “eagraíocht taighde” ollscoil, lena n-áirítear a cuid leabharlanna, institiúid taighde nó eintiteas ar bith eile arb é a bpríomhsprioc taighde eolaíochta a sheoladh nó gníomhaíochtaí oideachais a dhéanamh a bhfuil i gceist leis na gníomhaíochtaí sin freisin taighde eolaíochta a sheoladh:
|
(a)
|
ar bhonn neamhbhrabúis nó trí na brabúis go léir a athinfheistiú ina taighde eolaíochta nó ina thaighde eolaíocht; nó
|
|
(b)
|
de bhun misean chun leasa an phobail atá aitheanta ag Ballstát;
|
ar bhealach a fhágann nach féidir gnóthas a imríonn tionchar cinntitheach ar eagraíocht den sórt sin rochtain a fháil ar na torthaí arna nginiúint le taighde eolaíochta den sórt sin ar bhonn fabhrach;
|
|
Airteagal 2 (2)
|
ciallaíonn “mianadóireacht téacsanna agus sonraí” teicníc anailíseach uathoibrithe ar bith arb é is aidhm di anailís a dhéanamh ar théacsanna agus ar shonraí i bhfoirm dhigiteach chun faisnéis a ghiniúint a áiríonn patrúin, treochtaí agus comhghaoil, ach nach bhfuil teoranta dóibh sin amháin;
|
|
Airteagal 2 (3)
|
ciallaíonn “institiúid oidhreachta cultúrtha” leabharlann nó músaem atá inrochtana don phobal, cartlann nó institiúid oidhreachta scannáin nó fuaime;
|
|
Airteagal 2 (4)
|
ciallaíonn “preasfhoilseachán” bailiúcháin atá comhdhéanta go príomha de shaothair liteartha de chineál iriseoireachta, ach ar féidir saothair nó ábhar eile a áireamh iontu, agus ar fíor an méid seo a leanas ina leith:
|
(a)
|
is mír aonair é laistigh de thréimhseachán nó d'fhoilseachán a thugtar cothrom le dáta ar bhonn rialta faoi aon teideal amháin, amhail nuachtán nó iris spéise ginearálta nó iris sainspéise;
|
|
(b)
|
tá sé mar chuspóir aige faisnéis a sholáthar don phobal i gcoitinne a bhaineann le nuacht nó le topaicí eile; agus
|
|
(c)
|
foilsítear é i meán ar bith faoi thionscnamh soláthraí seirbhíse, faoina fhreagracht eagarthóireachta agus faoina rialú.
|
Tréimhseacháin a fhoilsítear chun críocha eolaíocha nó acadúla, amhail irisleabhair eolaíochta, ní preasfhoilseacháin iad chun críocha na Treorach seo;
|
|
Airteagal 2 (5)
|
ciallaíonn “seirbhís sochaí faisnéise” seirbhís de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 1(1) de Theoir (AE) 2015/1535;
|
|
Airteagal 2 (6)
|
ciallaíonn “soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne” soláthraí seirbhíse sochaí faisnéise arb é a phríomhchuspóir nó ceann dá chuid príomhchuspóirí lear mór de shaothair atá faoi chosaint chóipchirt nó ábhar cosanta eile, arna n-uaslódáil ag a úsáideoirí, a stóráil nó rochtain phoiblí orthu a thabhairt, agus arb é féin a eagraíonn an tseirbhís agus a chuireann chun cinn í chun críocha brabús a dhéanamh. Soláthraithe seirbhíse, amhail ciclipéid ar líne neamhbhrabúsmhara, taisclanna oideachais agus eolaíochta neamhbhrabúsmhara, ardáin forbartha agus comhroinnte bogearraí foinse oscailte, soláthraithe seirbhíse cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/1972, margaí ar líne agus néalseirbhísí gnó le gnó agus néalseirbhísí a cheadaíonn d'úsáideoirí inneachar a uaslódáil dá n-úsáid féin, ní “soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne” de réir bhrí na Treorach seo iad.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.05.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0790
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|